Thug Gadailiá mionn dóibhsean agus dá gcuid fear á rá: “Ná bíodh eagla oraibh roimh na Caildéigh; cuirigí fúibh sa tír, agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine; agus rithfidh libh go seoidh.”
Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”
“Céard é seo atá eadrainn, a mhaca Zarúá,” arsa Dáiví, “a rá is go mbeadh sibh inniu mar namhaid agam? Arbh fhéidir aon duine a chur chun báis in Iosrael ar a leithéid seo de lá? Nach inniu is eol dom go dearfa gur rí mé ar Iosrael?”
Nuair a chuala ceannairí na ndíormaí [faoin tuath] agus a gcuid fear gur cheap rí na Bablóine Gadailiá mar rialtóir, tháinig siad lena gcuid fear chuige i Mizpeá - .i. Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, agus Saráiá mac Thanchuimit an Natofátach, agus Iázainiá mac an Mhácátaigh.
Ach sa seachtú mí, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá mac Eilíseámá, de shliocht na ríthe, agus deichniúr fear leis, agus mharaigh sé Gadailiá agus na Giúdaigh, agus na Caildéigh a bhí ina theannta i Mizpeá.
idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria.