Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha leo go dtí an Bhablóin.
Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún.
“Éist le briathar an Tiarna: ‘Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,’ arsa an Tiarna.
Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.
Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.
Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.
Tiocfaidh na laethanta a dtabharfar ar shiúl chun na Bablóine gach a bhfuil i do phálás, gach ar chuir do shinsir i dtoll a chéile go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní, a deir an Tiarna.
Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.
Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir - an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí.