Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.
“An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,” d'fhreagair siad, “agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.”
Salm Ásáf. 1 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa; scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.
Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.