2 Ríthe 24:8An Bíobla Naofa 1981Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag d'aois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair. Féach an chaibidil |
Thaispeáin an Tiarna fís dom: bhí dhá chliabh fígí curtha os comhair Theampall an Tiarna amach. Tharla sé seo tar éis Nabúcadnazar, rí na Bablóine, a bhreith Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, leis i láimh as Iarúsailéim, agus uaisle uile Iúdá, in éineacht leis na gaibhne agus na ceardaithe, agus iad a bhreith don Bhablóin.