An chuid eile de stair Iahóiácaím, na nithe náireacha a rinne sé, agus a fuarthas amach faoi, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá. Tháinig Iahóiácaín a mhac i gcomharbacht air.
“Faoi mar a mhairim - an Tiarna a labhraíonn - dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é.
Mar sin, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím rí Iúdá: Ní bheidh duine ar bith aige le suí ar chathaoir ríoga Dháiví; agus teilgfear a chorp marbh amach chun an teaspaigh sa lá agus chun an tseaca san oíche.