2 Ríthe 23:8An Bíobla Naofa 1981Thug sé isteach na sagairt go léir as cathracha Iúdá agus thruailligh sé na hardionaid mar a ndódh na sagairt sin túis, ó Gheaba go Béar Seaba. Scartáil sé scrín na satairí a bhí ag geata Iósua, rialtóir na cathrach, a bhí ar do chlé ag dul geata na cathrach isteach. Féach an chaibidil |
Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.