Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 23:36

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Iahóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Zibídeá, iníon Pheadáiá ó Rúmá, ab ainm dá mháthair.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac.

Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia.

Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.

Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’

Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.”

I dtosach réim Iahóiácaím mhic Iósíá, rí Iúdá, tháinig an briathar seo [go Irimia] ón Tiarna:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí