2 Ríthe 23:3An Bíobla Naofa 1981Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh. Féach an chaibidil |
Nuair a chonaic sí an rí ansiúd ina sheasamh taobh lena cholún ag an mbealach isteach, agus na cinn feadhna agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, agus na cantairí ag cur ceann ar an gceiliúradh lena n‑uirlisí ceoil, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”
Ansin chroith mé amach urlach m'fhallainge á rá: “Go ndéana Dia amhlaidh sin agus go gcroithe sé amach as a theach agus as a shealúchas, aon duine nach gcoimeádann an gheallúint seo; go gcroitear amach mar sin é agus go bhfagtar follamh é!” Agus d'fhreagair an comhthionól go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna. Choimeád an pobal an gheallúint sin.