2 Ríthe 23:25An Bíobla Naofa 1981Níor iompaigh aon rí dar ghabh roimhe chun an Tiarna mar a rinne seisean ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, agus ó neart go hiomlán, le barr dílseachta do dhlí uile Mhaois; ná níor tháinig a leithéid de rí riamh ina dhiaidh. Féach an chaibidil |
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.