Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 23:23

An Bíobla Naofa 1981

Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc riamh in onóir an Tiarna i Iarúsailéim ach amháin san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

San ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí chuir an rí Seáfán mac Azailiá mac Mheisiulám, an rúnaí, go Teampall an Tiarna.

Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc ó laethanta na mbreithiúna a bhí ag rialú Iosrael, ná le linn réimeas na ríthe go léir a bhí ar Iosrael ná ar Iúdá.

Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d'fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm.

Déan í a bhruith agus a ithe san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia; ar maidin fill ar ais agus téigh chun do bhothanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí