2 Ríthe 23:20An Bíobla Naofa 1981Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim. Féach an chaibidil |
A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: “Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.” Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál.
Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.