2 Ríthe 23:14An Bíobla Naofa 1981Rinne sé bruscar de na colúin naofa, ghearr anuas na cuaillí naofa, agus chlúdaigh na háiteanna ar ar sheas siad le cnámha daoine. Féach an chaibidil |
Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall chonaic sé na tuamaí ansiúd ar thaobh an chnoic; chuir sé fios ar na cnámha as an tuamaí agus dhóigh iad ar an altóir, agus thruailligh í de réir bhriathar an Tiarna a d'fhógair an giolla Dé [nuair a bhí Iarobám ina sheasamh ag an altóir le linn na féile. Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall, chonaic sé tuama an ghiolla Dé] a thairngir na nithe sin.
Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: “An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?”