“Téigh go Hilcíá, an t‑ardsagart,” ar sé leis, “agus abair leis an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus é siúd a chruinnigh gardaí na tairsí ón bpobal, [a leá].
Dúirt Ióáis leis na sagairt: “An t‑airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t‑airgead as na cánacha pearsanta (an t‑airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t‑airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna -
Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a d'fhairidís an tslí isteach ann.
Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.