2 Ríthe 21:6An Bíobla Naofa 1981Chuir sé d'iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge. Féach an chaibidil |
Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d'fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm.