Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 21:21

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé aithris ar a athair i ngach slí, agus é ag fónamh do na híola dar fhóin a athair, agus ag adhradh dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

“Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol,

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair.

Thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear, agus níor lean sé bealach an Tiarna.

Na haltóirí ar an díon (ar sheomra uachtair Áchaz) a rinne ríthe Iúdá, agus na haltóirí a thóg an rí Manaise i dhá chúirt Theampall an Tiarna, leag an rí anuas iad agus rinne smidiríní díobh ar an láthair agus chaith a luaithreach isteach i nGleann Chidreon.

Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d'fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm.

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a shinsir.

Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí