Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 20:20

An Bíobla Naofa 1981

An chuid eile de stair Hiziciá, a chrógacht go léir, conas mar a thóg sé an linn agus an tollán leis an uisce a thabhairt isteach sa chathair, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.

An chuid eile de stair Rachabám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air.

An chuid eile de stair Aibíám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Bhí cogadh idir Aibíám agus Iarobám.

An chuid eile de stair Phacaichiá, a imeachtaí go léir, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.

An chuid eile de stair Azairiá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

An chuid eile de stair Áchaz, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.

An chuid eile de stair Ióisíá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

An chuid eile de stair Iahórám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Ghuigh sé chun an Tiarna agus d'éist sé leis agus thug comhartha dó.

bheartaigh sé féin agus a thaoisigh agus a churaidh na foinsí uisce a bhí lasmuigh den chathair a stopadh; chabhraigh oifigigh an airm leis,

Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.

An chuid eile de stair Hiziciá, agus a dhea-bhearta, tá siad scríofa i bhfís an fháidh Íseáia mac Ámóz, i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael.

agus bhailigh a lán daoine le chéile agus stopadar na foinsí go léir, agus an sileán a bhí ag gabháil tríd an talamh á rá: “Cén fáth a bhfaigheadh ríthe na hAsaíre flúirse uisce nuair a thiocfaidh siad?”

Chuaigh mé ar aghaidh ansin go dtí Geata an Tobair agus go Linn an Rí, ach ní raibh bealach do mo bheithíoch iompair thairis sin.

Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí