Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 20:2

An Bíobla Naofa 1981

D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé an ghuí seo chun an Tiarna:

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

De lá agus d'oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo faoina ndúirt tú féin: ‘Is ansin a bheidh m'ainm.’ Éist leis an nguí a ofrálfaidh do shearbhónta i dtreo na háite seo.

Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuir eagar ar do chúraimí, mar gheobhaidh tú bás gan téarnamh.’ ”

“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.

Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”

Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí