Ansin tháinig an fáidh Íseáia go dtí Hiziciá rí agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na fir seo, agus cad as ar thángadar?” D'fhreagair Hiziciá: “Thángadar ón imigéin, ón mBablóin.”
Chuir sin gliondar ar Hiziciá agus thaispeáin sé a theach taisce go léir do na teachtairí, an t‑airgead, an t‑ór, na spíosraí, an ola luachmhar, a stóras airm chomh maith, agus gach rud a bhí ina thithe stóir. Ní raibh aon ní ina phálás ná ina chríocha go léir nár thaispeáin Hiziciá dóibh.
Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.
na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n‑ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill.