Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe. Tháinig guth chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”
D'imigh sé ón áit sin agus tháinig ar Eilíseá mac Sheáfát agus é ag treabhadh; bhí dhá dhamh déag sa chuingir aige agus é féin leis an dara ceann déag. Chuaigh Éilias thart i ndeas dó agus chaith a chlóca anuas air.
Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn.
Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte, agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann; le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í, agus beifear ag siúl trasna tirimchosach,
Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad á mbuaireamh agus á gcrá de shíor.
Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar an abhainn mhór, an Eofrataes, agus chuaigh an t‑uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir.
“Cén dealramh atá air?” ar sé léi. “Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.” Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d'umhlaigh dó.