Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 2:6

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá. Níl an Tiarna do mo chur ach go dtí an Iordáin.” D'fhreagair sé áfach: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú.” Agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le chéile.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Thóg Abrahám adhmad na híobartha dóite, agus chuir ar muin a mhic Íosác é; agus rug leis ina láimh an tine agus an scian agus chuir siad araon chun siúil le chéile.

D'fhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.

agus dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.” Ach d'fhreagair Eilíseá: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar síos go Béitéil.

Ansin dúirt máthair an linbh: “Dar an Tiarna beo agus dar do bheo féin, ní imeoidh mé uait.” Agus d'éirigh sé dá bhrí sin agus lean í.

A luaithe a shroich lucht iompair na háirce an Iordáin agus gur bhain cosa na sagart a bhí á hiompar le himeall na n‑uiscí - bíonn an Iordáin ag cur thar a bruacha go léir le linn an fhómhair -

Agus tabhairse an t‑ordú seo do na sagairt a iompraíonn áirc an chonartha: ‘Nuair a shroichfidh sibh bruach uiscí na Iordáine stadaigí in bhur seasamh sa Iordáin féin.’ ”

Ach d'fhreagair Rút: “Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óir cibé áit a rachaidh tusa, is ann a rachaidh mise, agus cibé áit a mbainfidh tusa fút, is ann a bhainfidh mise fúm; siad do mhuintirse is muintir domsa, agus is é do Dhia is Dia domsa.

Dúirt sí “A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna.

Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: “Is maith is eol do d'athair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: ‘Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.’ Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí