Ach bhíodar ag tathant air gur chuireadar náire air nó go ndúirt sé: “Cuirigí.” Chuireadar caoga fear dá bhrí sin agus bhíodar á lorg ar feadh trí lá ach gan é a fháil.
deirim libh, ach mura n‑éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.
Trí chreideamh tógadh Eineoc suas sna flaithis sa chaoi nár bhlais sé den bhás. Ní raibh fáil air de bhrí gur thóg Dia suas é. Roimh a dheastógáil bhí sé de theist air go raibh sé taitneamhach le Dia.