2 Ríthe 2:14An Bíobla Naofa 1981Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn. Féach an chaibidil |
Dúirt Gideón leis: “Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d'inis ár n‑aithreacha dúinn, á rá: ‘Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?’ Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.”