D'imigh sé ón áit sin agus tháinig ar Eilíseá mac Sheáfát agus é ag treabhadh; bhí dhá dhamh déag sa chuingir aige agus é féin leis an dara ceann déag. Chuaigh Éilias thart i ndeas dó agus chaith a chlóca anuas air.
Chonaic Eilíseá sin agus scairt sé: “A athair, a athair liom! Carbad Iosrael agus a eachra!” Chaill sé radharc air ansin, agus rug sé ar a chuid éadaigh agus stróic sé ina dhá leath iad.
Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn.
Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad á mbuaireamh agus á gcrá de shíor.
“Cén dealramh atá air?” ar sé léi. “Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.” Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d'umhlaigh dó.