Fillfidh sé an bealach a tháinig, ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, a deir an Tiarna.
De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne, agus gur chuala mo chluas uaill d'uabhair, cuirfidh mé m'fháinne ar do shrón, agus mo bhéalbhach i do bhéal, agus cuirfidh mé d'iallach ort filleadh ar ais ar an mbóthar ar ar tháinig tú.
Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt, ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”
Scor Sanaichéiríb a champa agus d'imigh; d'fhill sé abhaile agus chuir sé faoi i Nínivé.
Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”
Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.