Ar chuala tú? Fadó a chinn mé air agus bheartaigh mé ó na cianta a bhfuil á chur i gcrích anois agam. Ba é do ghnó na cathracha daingne a leagan ar lár ina bhfothracha.
An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.
A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú!
Seo, is mise a chruthaigh an gabha, an té a shéideann tine na gceartaí agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo. Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.
Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir, áit a chuirfear faoi fhíniúna. Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann nó go nochtfar an bhunsraith.