Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 19:21

An Bíobla Naofa 1981

Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de: ‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú an ógh, iníon Shión; croitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

D'fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa, Dá mbeadh d'anamsa in áit m'anamasa. An ndéanfainn thú a chiapadh le focail? Nó mo cheann a chroitheadh ort?

Ráinig mé i m'ábhar scige ag gach aon neach; agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann.

A iníon na Bablóine, nach tú an scriosaire! Is méanar don té a dhíolfaidh leatsa na dochair a d'imir tú orainne -

Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana, cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,

Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,

Ta iníon Shíón fágtha mar bheadh bothán faire i bhfíonghort, mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar, mar bheadh cathair faoi léigear.

Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís, níl an calafort ann níos mó!

Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”

Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.

Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, - a iníon na gCaildéach. Óir ní thabharfar ort níos mó choíche máistreás na ríochtaí.

“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.

“Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.

Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.

Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca, a mhaighdean, a iníon na hÉigipte! Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas; níl leigheas i ndán duit.

Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m'aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.

Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?

Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”

Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm, tusa, a chónaíonn i dtír Úz; sínfear an cupán chugatsa chomh maith; beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.

Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos.

Agus tusa, a thúir an tréada, a chnocáin iníon Shíón, tiocfaidh chugat ar ais an tiarnas a bhí agat tráth agus ríúlacht iníon Iarúsailéim.

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.

Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí