Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”
Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.’ ”
Go raibh na briathra seo de mo chuid, lena ndearna mé urnaí os comhair an Tiarna, i bhfianaise an Tiarna mo Dhia, de lá agus d'oíche, agus go seasa sé lena shearbhónta, agus go seasa sé lena phobal Iosrael de réir mar éileofar lá i ndiaidh lae;
Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh.
Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”
Tar éis na mbearta dílse seirbhíse seo, tharla ionradh Shanaichéiríb, rí na hAsaíre. Rinne sé ionradh ar Iúdá, shuigh a champa os comhair na gcathracha daingne agus d'ordaigh iad a ghabháil de ruathar.
Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.
Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”