Ghlac Hiziciá an litir as lámha na dteachtairí agus léigh sé í. Chuaigh sé suas chuig Teampall an Tiarna ansin agus leath sé an litir amach os comhair an Tiarna.
Um thráth íobairt an tráthnóna, d'éirigh mise, Eazrá, as an toirchim ina raibh mé, agus lig mé mé féin fúm ar mo ghlúine agus mo chuid éadaigh agus m'fhallaing stróicthe. Shín mé mo lámha amach chun an Tiarna mo Dhia
Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh.
Ach, a Thiarna na Slua, is tú an breitheamh cóir, is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí; feicimse do dhíoltas orthu, mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.
D'éist Samúéil lena raibh le rá ag an bpobal agus d'aithris sé i gcluasa an Tiarna é. Agus dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar a nglór agus déan rí a cheapadh dóibh.”