Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 19:11

An Bíobla Naofa 1981

Tá a fhios agat faoi seo cad a rinne ríthe na hAsaíre le gach tír á gcur faoin mbang? An dóigh, mar sin, go dtiocfaidh tusa slán?

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.

Cé acu déithe de dhéithe na dtíortha go léir a d'fhuascail a dtíortha as mo lámha, go bhféadfadh an Tiarna Iarúsailéim a fhuascailt as mo lámha?’ ”

“Abraigí an méid seo le Hiziciá rí Iúdá: ‘An Dia ar a bhfuil tú ag brath, ná mealladh sé thú á rá: Ní thiocfaidh Iarúsailéim faoi smacht rí na hAsaíre.

Gózán, Hárán, Reizif, muintir Eidin a bhí i dTeil Asár - ar fuasclaíodh iadsan ag na déithe a bhí ag na ciníocha sin a scrios mo shinsir?

nuair a scríobh [Sanaichéiríb] litir ag aithisiú agus ag bréagnú Dia Iosrael: “Ní dhéanfaidh Dia Hiziciá a phobal a fhuascailt ó mo ghreim díreach faoi mar nár fhuascail déithe na gciníocha i dtíortha eile a bpobal ó mo ghreim.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí