Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.
Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.
Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: “Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.”
Ansin chuir Hiziciá rí Iúdá teachtaireacht go rí na hAsaíre i Láicís. “Rinne mé coir; cas i leataobh uaim; cuirfidh mé suas le cibé pionós a leagfaidh tú orm.” Agus d'éiligh rí na hAsaíre trí chéad tallann airgid agus tríocha tallann óir ar Hiziciá rí Iúdá.
An dóigh leat go bhfuil focail bhaotha chomh maith le straitéis agus cumhacht mhíleata? Cé as a bhfuil do sheasamh a rá is go bhfuil sé de dhánaíocht ionat ceannairc a dhéanamh i m'aghaidh?
agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.
Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d'éirigh leis.
Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.
Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.
Cibé uair a ghabhadh Dáiví amach, agus cibé cúram a chuireadh Sól air, ritheadh leis, agus chuir Sól i gceannas na saighdiúirí é. Bhí gean ag an bpobal air agus ag oifigigh Shóil chomh maith.