Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ”
Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!’ ”
Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”
An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.
Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.