2 Ríthe 18:22An Bíobla Naofa 1981B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair? Féach an chaibidil |
Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.