Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: “Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclos na ndaoine ar na ballaí.”
Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.
Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.
San ochtú bliain déag dá réimeas, d'fhonn an tír agus an Teampall a ghlanadh, chuir sé Seáfán mac Azailiá, agus Másaeiá rialtóir na cathrach, agus Ioach mac Ioachaz an callaire, le Teampall an Tiarna a Dhia a ghlanadh.
Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d'inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.