Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá).
Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair.
Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.
Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa chathair, in Iarúsailéim, cé nár cuireadh é i dtuamaí ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.
Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.