Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 17:5

An Bíobla Naofa 1981

Ansin rinne rí na hAsaíre ionradh ar an tír ar fad; tháinig sé chuig an tSamáir agus chuir sé léigear uirthi ar feadh trí bliana.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ach rug rí na hAsaíre ar Hóiséa ag déanamh fill air; bhí teachtairí curtha aige go dtí Só, rí na hÉigipte, gan an cháin a thabhairt do rí na hAsaíre mar a rinne na blianta roimhe sin. Uime sin ghabh rí na hAsaíre é agus chuir faoi chuibhreach i gcarcair é.

Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.

Tharla ina dhiaidh sin gur chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir agus go ndeachaigh sé suas agus léigear a chur ar an tSamáir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí