Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 17:37

An Bíobla Naofa 1981

Leanaigí a reachtanna agus a ghnásanna, an dlí agus na haitheanta a scríobh sé daoibh, agus atá le comhlíonadh agaibh i gcónaí go beacht. Ná tugaigí ómós d'aon déithe eile,

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne mé libh; ná bíodh urraim agaibh do dhéithe coigríocha

Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”

Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna; leanaigí iad. Mise an Tiarna.”

A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.

nuair a thagann Iosrael go léir i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé, léigh an dlí seo go léir i gcomhchlos Iosrael uile.

Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael.

“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.

Ach fansa anseo i do sheasamh taobh liom, agus inseoidh mé duit na haitheanta go léir agus na dlíthe agus na reachtanna go léir atá le teagasc agat dóibh, agus atá le comhlíonadh acu sa tír atá á thabhairt agam ina seilbh.’

“Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán.

Cloígí leis an mbealach go léir a d'aithin an Tiarna daoibh agus beidh an bheatha agaibh, agus beidh an rath oraibh, agus beidh fad saoil agaibh sa tír a bheidh in bhur seilbh.

Agus dúirt mé libh: “Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.” Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.” ’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí