Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 17:35

An Bíobla Naofa 1981

Rinne an Tiarna conradh leo agus thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná tugaigí ómós do dhéithe coigríocha, ná cromaigí síos rompu, ná déanaigí seirbhís ná íobairt dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.

Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.

Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”

(Agus ná himígí i ndiaidh déithe eile d'fhónamh dóibh agus á n‑adhradh; ná brostaigí mise chun feirge le hoibreacha bhur lámh féin; agus ní dhéanfaidh mé dochar daoibh.’)

Rinne an Tiarna ár nDia conradh linn ar Shliabh Horaeb.

Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,

Ná lean déithe eile, déithe na ndaoine máguaird oraibh.

Má bhriseann sibh an conradh a d'éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”

ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu.

Agus dúirt mé libh: “Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.” Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.” ’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí