Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 17:26

An Bíobla Naofa 1981

Duradh ansin le rí na hAsaíre: “Na ciníocha a thug tú leat agus a chuir tú chun cónaí i gcathracha na Samáire, ní eol dóibh dlí Dhia na tíre, agus sheol seisean leoin ina gcoinne agus tá siadsan á marú mar nach eol dóibh dlí Dhia na tíre.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Nuair a chuir siad fúthu ar dtús ann, níor thug siad ómós don Tiarna, agus dá bhrí sin sheol an Tiarna leoin ina measc agus mharaigh siadsan cuid acu.

Thug rí na hAsaíre ordú uaidh ansin: “Cuirigí ar ais ansiúd duine de na sagairt a dhíbir [mé] ón áit sin agus téadh sé chun cónaí ann, agus múineadh sé dóibh dlí Dhia na tíre.”

An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.

Mhínigh Samúéil cearta agus dualgais an rí don phobal agus bhreac i leabhar iad agus chuir sé an leabhar sin i láthair an Tiarna. Scaoil sé an pobal uaidh ansin, gach duine abhaile chun a thí féin.

Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí