Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”
Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm.
Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin.
Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).
Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Caithfidh mé uaim iarmhar m'oidhreachta, agus tabharfaidh mé iad i lámha a naimhde á chur d'iallach orthu bheith mar chreach agus mar éadáil ag a naimhde go léir,
Dúirt an Tiarna: “Tiomáinfidh mé Iúdá as mo radharc chomh maith, faoi mar a rinne mé le hIosrael agus caithfidh mé i leataobh an chathair seo a thogh mé, Iarúsailéim, agus an Teampall a ndúirt mé faoi: ‘Ansin a lonnóidh m'ainm.’ ”
Tharla sé seo go léir do Iúdá de bharr [fhearg] an Tiarna; bheartaigh seisean iad a chaitheamh as a radharc de bharr pheacaí Mhanaise agus gach a ndearna sé,
Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!
Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D'éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine.
bíodh a fhios agaibh go dearfa nach leanfaidh an Tiarna bhur nDia air ag díbirt na gciníocha seo romhaibh; beidh siad mar ghaiste agus mar shlogaide agaibh, mar sciúirse ar bhur maotháin agus mar dhealg in bhur súile go dté sibh ar ceal ón tír fhónta seo a thug an Tiarna daoibh.
Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh.
Chuir muintir Dhán an íomhá ghreanta suas dóibh féin. Bhí Iónátán mac Ghéirseom mac Mhaois agus a chlann mhac ina sagairt ag treibh Dhán go dtí an lá inar tugadh pobal na tíre ar deoraíocht.