2 Ríthe 17:11An Bíobla Naofa 1981D'ofrálaidís íobairtí túise (ar na hardionaid go léir) mar a dhéanadh na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna rompu. Rinneadar gníomhartha coiriúla agus ghriogadar an Tiarna chun feirge. Féach an chaibidil |
ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.
Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.