D'aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir.
Thóg Áchaz cuid den mhaoin i dTeampall an Tiarna agus i bpálás an rí agus na dtaoiseach agus thug mar cháin do rí na hAsaíre é, ach ní bhfuair sé aon ní uaidh dá thairbhe.
Uime sin thug an Tiarna a Dhia suas é do chumhacht rí na nArámach; bhris seisean air, agus ghabh sé líon mór dá phobal ina mbránna agus rug leis go dtí an Damaisc iad. Tugadh ar láimh do rí Iosrael é freisin agus rinne seisean ár agus eirleach ar a shluaite.
Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc agus an mhaith a roghnú, beidh an tír úd ina díthreabh, agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.
“Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna. “Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?