An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní, duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta, a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna, béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu, briathar an Tiarna.
Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,
Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n‑íol timpeall a n‑altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n‑íola uile.
“Na háiteanna go léir ina ndearna na ciníocha a bheidh á gcur as seilbh agaibh seirbhís dá ndéithe, ar na sléibhte arda, ar na cnoic, agus faoi gach crann glas, ní foláir daoibh iad uile a scrios ó bhonn.