Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 16:17

An Bíobla Naofa 1981

Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Rinne Úiriá sagart gach ní a d'ordaigh Áchaz do.

Le hurraim do rí na hAsaíre, thóg sé chun siúil ó Theampall an Tiarna seomra an fháiltithe a bhí tógtha ansiúd, agus an iontráil ríoga lasmuigh.

Rinne Áchaz cuid de ghréithe Theampall Dé a bhailiú le chéile, agus a thuilleadh díobh a bhriseadh. Dhún sé doirse Theampall an Tiarna agus chuir sé suas altóirí dó féin ag cúinne gach sráide in Iarúsailéim.

Na gréithe go léir a chaith Áchaz i leataobh le linn a réimis mhídhílis, chuireamar ar ais iad agus rinneamar iad a choisreacan. Tá siad anois, féach!, os comhair altóir an Tiarna.”

Maidir leis an dá cholún, [an t‑aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí