Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna.
Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
Nach hé an Hiziciá seo an té a scuab a ardionaid chun siúil agus a thug mar ordú do Iúdá agus Iarúsailéim: “Ná déanaigí adhradh ach os comhair an aon altóra agus ná hofrálaigí túis ach uirthi amháin”?
San ochtú bliain dá réimeas, agus é fós ina ógánach, chrom sé ar Dhia Dháiví, a shinsear, a lorg, agus sa dara bliain déag chrom sé na hardionaid, na cuaillí naofa, agus na híola de mhiotal leáite, a scriosadh as Iúdá agus as Iarúsailéim.