Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 15:37

An Bíobla Naofa 1981

San am sin chrom an Tiarna ar Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá a chur i gcoinne Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Um an dtaca sin chrom an Tiarna ar Iosrael a shnoí; fuair Hazáéil an lámh in uachtar orthu ar fud críocha Iosrael go léir

Sa dara bliain caogad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Peacach mac Ramailiá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir; agus bhí sé fiche bliain i réim.

An chuid eile de stair Iótám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear, agus tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air.

Ansin is ea a thánig Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá rí Iosrael chun Iarúsailéim a ionsaí. Chuireadar léigear [air] ach níorbh fhéidir dóibh é a ghabháil.

Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh.

Lig sé amach orthu racht a fheirge, a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa; slua de thimirí na tubaiste,

Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.

Is í an Damaisc ceann Arám, agus Reizín, ceann na Damaisce; Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta, beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,

“Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.

Ó tá mé ag tosú ar olc a thabhairt ar an gcathair ar a dtugtar m'ainm, an dóigh libh go rachaidh sibhse gan smachtú? Go deimhin ní rachaidh, óir ansin glaofaidh mé ar chlaíomh in aghaidh áitritheoirí uile na talún - Tiarna na Slua a labhraíonn.’

Ansin abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d'fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn.

Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.”

ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú.

Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí