Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna.
Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
Thug sé leis na ceannairí céad, na maithe, rialtóirí an phobail agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo síos ó Theampall an Tiarna. Ghabhadar isteach sa phálás trí [stua meánach] an Gheata Uachtair, agus shuíodar an rí sa chathaoir ríoga.
Nach hé an Hiziciá seo an té a scuab a ardionaid chun siúil agus a thug mar ordú do Iúdá agus Iarúsailéim: “Ná déanaigí adhradh ach os comhair an aon altóra agus ná hofrálaigí túis ach uirthi amháin”?