Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá).
Bhí sé cúig bliana fichead d'aois nuair a thánig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúiseá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair.
Ach leag an Tiarna a lámh ar an rí agus rinneadh lobhar de go lá a bháis, agus mhair sé i dteach leis féin. Bhí Iótám, mac an rí, i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar an tír.
Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.