2 Ríthe 15:29An Bíobla Naofa 1981I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír. Féach an chaibidil |
Anois, dá bhrí sin, a Dhia linn, A Dhia mhór na cumhachta agus na heagla, Atá dílis do do chonradh agus buanseasmhach i do ghrá, Nára beag leat an ainnise go léir A tharla dúinne, dár ríthe, agus dár dtaoisigh, dár sagairt, dár bhfáithe, (dár sinsir), agus dár muintir go léir Ó ré ríthe na hAsaíre go dtí inniu féin.