Bhí sé sé bliana déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain déag is daichead ina rí in Iarúsailéim. Iacoiliá, ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.
Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.
Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh.
Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.