Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.
An chuid eile de stair Hiziciá, a chrógacht go léir, conas mar a thóg sé an linn agus an tollán leis an uisce a thabhairt isteach sa chathair, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?